Oireachtas Chois Fharraige

pic 39 Seán Ó Neachtain, Seán Ó Coisdealbha, Peadar Ó Treasaigh agus Maidhc P Ó Conaola i radharc ó “Boicíní Bhóthar Kilburn" a bheidh ar siúl i gColáiste Chonnacht, An Spidéal, Co na Gaillimhe  ar an 6 agus an 7 Nollaig agus i dTír an Fhia ar an 14 Nollaig (8 i.n. gach áit). Beidh deis ag pobal na Gaillimhe an dráma a fheiceáil sa Taibhdhearc ar an 10 Eanáir. PIc: Seán Ó Mainnín

Tá an fhéile chultúrtha, Oireachtas Chois Fharraige 2016, le tosnú ar an Aoine, 16 Meán Fómhair agus le dul ar aghaidh go dtí an Domhnach, 25 Meán Fómhair.  Thart ar Indreabhán agus An Spidéal a bheas formhór na n-imeachtaí ar bun. Ar an gclár tá meascán de cheol, amhránaíocht, damhsa ar an sean-nós, drámaíocht agus amhránaíocht.

Ar an Satharn agus ar an Domhnach, 17/18 Meán Fómhair léireofar in Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna) don chéad uair ‘Éirí Amach Chois Fharraige’, seó ilmheánach atá scríofa go speisialta ag Joe Steve Ó Neachtain le comóradh a dhéanamh ar an mbaint a bhí ag Cois Fharraige le 1916 agus le ceiliúradh a dhéanamh chomh maith ar bhunú Chumann Forbartha Chois Fharraige leathchéad bliain ó shin i 1966 agus ar an méid a baineadh amach ó shin.

Seo thíos cuid de na himeachtaí is tábhachtaí ar an an gclár.

Aoine, 16 Meán Fómhair – 19.00: Taispeántas Ealaíne á oscailt ag Pádraig Breathnach in Oifig Oireachtas na Gaeilge, Eastát Tionsclaíoch, Casla. An oscailt urraithe ag Ealaín na Gaeltachta mar chuid den Oíche Chultúir.

Satharn agus Domhnach, 17/18 Meán Fómhair – 20.00: Eirí Amach Chois Fharraige. Seó ilmheánach, scríofa ag Joe Steve Ó Neachtain, i Seanscoil Sailearna le comóradh a dhéanamh ar bhunú Chumann Forbartha Chois Fharraige leathchéad bliain ó shin.

Luan, 19 Meán Fómhair – 14.00: Comórtas Liteartha na Scoileanna á sheoladh i Seanscoil Sailearna.

Déardaoin, 22 Meán Fómhair – 20.30: Taispeántas Damhsa ar an Sean Nós i dTigh Chualáin á chur i láthair ag Máirtín Jaimsí Ó Flaithearta. Beidh ar a laghad deichniúr de na damhsóirí a chroch leo Corn TG4 ag comórtas Steip (Oireachtas na Gaeilge) le 15 bliana anuas páirteach ann. [Urraithe ag TG4.]

Aoine, 23 Meán Fómhair – 20.00: Caithréim. Seó ceolmhar á chur i láthair ag Síle Denvir i Seanscoil Sailearna agus ina dhiaidh Pádraig Mac Piarais i bPictiúr á chur ar stáitse ag Fibín.  Cead Isteach: €10

Satharn, 24 Meán Fómhair – 20.00: Coirm Cheoil Mhór an Oireachtais.  Scoth na gCeoltóirí, na nDamhsóirí is na bhFonnadóirí chomh maith le Cór Fear na  nDéise agus Cór Chois Fharraige, á craoladh beo ar Raidió na Gaeltachta.

Domhnach, 25 Meán Fómhair – 20.30: Boicíní Bhóthar Kilburn. Dráma á chur ar stáitse ag Aisteoirí an Spidéil á léiriú ag Peadar Ó Treasaigh. Cead Isteach: €10

21.30: Clabhsúr na Féile sa bPoitín Stil, Indreabhán, le ceol ó Mharcas Ó hIarnáin is a chlann ó Charna.

Is féidir an clár iomlán a aimsiú ar an suíomh idirlíon www.coisfharraige.ie nó tré scéal a chur ag comoradh40@gmail.com nó téacs ag 083 8649519.